Dónall Ó Conaill

Ba é Doire Fhíonáin baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill (1775-1847), cunsailéir, polaiteoir, agus ceann de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann. Baisteadh ‘An Fuascailteoir’ air toisc gur feachtas dá chuid siúd a bhain amach cearta comhionanna do mhuintir uile na hÉireann. D’úsáid sé an cumas iontach a bhí ann na gnáthdhaoine a mhúscailt chun gníomhaíochta chun ceann de na chéad mhórghluaiseachtaí daonlathacha sa nua-aois a bhunú. Thuill sé clú agus cáil ar fud an domhain agus ghlac sé páirt lárnach sa ghluaiseacht idirnáisiúnta chun deireadh a chur leis an sclábhaíocht.

Chaith Ó Conaill a óige i nDoire Fhíonáin agus d’fhill sé air gach uair a raibh deis aige. Tháinig an teach chuige le huacht sa bhliain 1825 agus bhí an t-am a thug sé i nDoire Fhíonáin ar cheann de na rudaí ba mhó a thug sásamh dó sa saol.

“This is the wildest and most stupendous scenery of nature – and I enjoy residence here with the most exquisite relish… I am in truth fascinated by this spot: and did not my duty call me elsewhere, I should bury myself alive here.”

Dónaill Uí Chonaill22 Deireadh Fómhair 1829

 

I 1790 cuireadh Dónall agus Muiris ar scoil i Saint-Omer na Fraince agus ina dhiaidh sin chuig an Coláiste Béarla in Douai. Réabhlóid na Fraince a bhí ann an tráth úd agus d’fhág ceannairc agus cíocras fola na haimsire sin míghnaoi ag Dónall ar an bpoblachtachas, chomh maith le tuiscint gurbh é an modh síochánta bunreachtúil an tslí ab fhearr le hathrú polaitiúil a thabhairt i gcrích. Chuaigh Dónall leis an dlí agus glaodh chun Bharra na hÉireann é ar an 12 Aibreán 1798. Bhí sé de cháil air mar abhcóide gurbh fhéidir leis an bua a thabhairt leis fiú amháin sna cásanna ba lú dóchas agus tosaíodh ag tabhairt ‘an Comhairleoir’ air dá réir.

Chuaigh an Conallach leis an bpolaitíocht den chéad uair i 1800, nuair a chuir sé in aghaidh Acht an Aontais idir Éirinn agus an Bhreatain, ach ba é fuascailt na gCaitliceach an chéad fheachtas polaitiúil a rith sé. I 1823 bhunaigh sé Compántas na gCaitliceach, slua-eagraíocht pholaitiúil a ghríosaigh ar son na cearta céanna polaitiúla a bhaint amach do Chairlicigh is a bhí ag baill na hEaglaise Bunaithe cheana féin. In olltoghchán na bliana 1826 bhuaigh iarrthóirí a bhí ar son na fuascailte suíocháin i naoi gcontae. Toghadh an Conallach féin ina fheisire parlaiminte i bhfothoghchán i gCo. an Chláir sa bhliain 1828, ach ní raibh cead aige an suíochán a ghlachadh toisc go raibh sé ina Chaitliceach. De thairbhe an fhuinnimh pholaitiúil a bhí lena thoghadh, áfach, brúdh Acht na Fuascailte chun cinn i 1829. Is é ‘An Fuascailteoir’ nó ‘An Saoirseoir’ a thugtar ar an gConallach dá bharr.

Portráid de Dhónall Ó Conaill le J.P. Haverty, RHA. OOP

1843: Bliain an Reipéil

Tar éis do Dhónall Ó Conaill ceart na gCaitliceach le suíochán a thógaint i dTeach Theachtaí na Breataine a bhuachaint sa bhliain 1829, dhírigh sé é féin go hiomlán ar Acht an Aontais a aisghairm agus parlaimint neamhspleách a athbhunú in Éirinn. Agus os cionn deich mbliana tugtha i mbun an chatha seo aige mar Theachta Parlaiminte, d’fhógraigh sé gurb í 1843 bliain mhór an Reipéil – ‘1843 is and shall be the great Repeal year’. Thosnaigh sé féin agus a chuid lucht leanúna sa Chumann Reipéil ag eagrú ollchruinnithe síochánta ar fud na tíre chun an tacaíocht fhorleathan a bhí acu a léiriú agus chun brú a chur ar Rialtas na Breataine géilledh dá n-éileamh.

Tháinig na sluaite móra chuig na hollchruinnithe seo – deirtear gur fhreastail thart ar mhilliún duine ar an gceann i dTeamhair, ionad ársa na n-ardríthe in Éirinn. Labhair Ó Conaill féin ag aon cheann déag ar fhichid de na cruinnithe agus thaisteal sé os cionn chúig mhíle míle i rith na bliana sin. Theastaigh ó rialtas na Breataine an ghluaiseacht a chur faoi chois agus chuir siad cosc ar ollchruinniú a bhí beartaithe a bheith i gCluain Tarbh, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, ar an 8 Deireadh Fómhair 1843. Cé gur chuir Ó Conaill imeachtaí an lae ar ceal, ar eagla an fhoréigin, gabhadh é féin agus ‘reipéilithe’ clúiteacha eile nach é agus cuireadh ‘comhcheilg cheannairceach’ ina leith.

Pictiúr den taobh istigh de Smachtlann Richmond. Ard-Mhúsaem na hÉireann / REOG.

Príosúnacht

D’fhill Ó Conaill anseo ar Dhoire Fhíonáin le teacht chuige féin agus le hullmhú don triail a bhí le cur air. Thosaigh an triail sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath ar an 15 Eanáir 1844. Bhí Ó Conaill i bhfeighil a chosanta féin; ba é an cás cúirte deireanach aige é, mar a tharla sé. Bhain sé leas as an triail le hargóint ar son Reipéil agus le caitheamh anuas ar riail Shasana in Éirinn. Fuarthas Ó Conaill agus a chomrádaithe ciontach sa choir. Daoradh iad ar an 30 Bealtaine chun bliain a thabhairt i bPríosún Richmond ar an gCuarbhóthar Theas i mBaile Átha Cliath.

Orthu siúd a daoradh leis an gConallach bhí a mhac féin Seán Ó Conaill, Thomas Steele, Séarlas Gabhánach Ó Dubhthaigh, Richard Barrett, John Gray agus T.M. Ray. Ní raibh aon easpa compoird orthu sa phríosún agus iad daortha i gceathrúna príobháideacha an Ghobharnóra agus an Leas-Ghobharnóra. Tá taifead ar na seomraí agus na gairdíní fairsinge inar chaith siad a gcuid ama le fáil i sraith pictiúr ón tréimhse a tharraing an t-ealaíontóir Henry J. O’Neill. Bhí cead acu searbhóntaí a fhostú ann agus bhí cead ag a gcuid muintire fanacht laistigh leo chomh maith.Bhí sruth leanúnach de chuairteoirí mar aon le bronntanais ag teacht isteach sa phríosún chucu agus dar le Séarlas Gabhánach Ó Dubhthaigh, ‘the dinner-table was never set for less than thirty persons.’

Léigh tuilleadh...

Fianaise amhairc ar phríosúnacht an Chonallaigh in Irish Arts Review, samhradh 2014.

Saoradh

Saoradh Ó Conaill agus na príosúnaigh eile ar an 6 Meán Fómhair 1844 nuair a d’aisiompaigh Teach Thiarnaí na Breataine a gciontuithe. D’fhilleadar ar Phríosún Richmond an lá dar gcionn, áfach, le go bhféadfaí ócáid mhór a dhéanamh den saoradh. D’fhág Ó Conaill an príosún i gcarbad speisialta ceiliúrtha, á tharraingt ag sé chapall liath. Shuigh a gharchlann ar leibhéal íochtair an charbaid, culaith de veilbhit ghlas agus caipín le cleití bána ann ar gach duine acu. Bhí cláirseoir os a gcionn ag seinnt amhráin náisiúnta. Bhí Ó Conaill féin agus a shéiplíneach, an Dr Oirmhinneach John Miley, ar an leibhéal uachtair áit ar bheannaigh siad don slua.

Bhí thart ar 200,000 duine ar thaobh na sráide le saoradh Uí Chonaill a cheiliúradh. Níor imigh an mórshiúl chomh fada le teach an Chonallaigh i gCearnóg Mhuirfean ar an toirt, áfach. Ghabhadar slí fada timpeall d’aon ghnó, slí a ghabh thar na Ceithre Chúirt, áit ar cuireadh triail ar Ó Conaill, agus ansin thar gheataí Chaisleán Bhaile Átha Cliath, croílár riail na Breataine in Éirnn. Stop Ó Conaill chomh maith agus dhírigh a mhéar ar Shean-Teach na Parlaiminte ar Fhaiche an Choláiste – comhartha don slua go leanfaí den fheachtas chun an tAcht Aontaithe a aisghairm. In ainneoin an léiriú seo de mhórthacaíocht an phobail, ba é sin an bua mór polaitíochta deireanach a bhí ag Ó Conaill.

Dónall Ó Conaill ar leaba a bháis agus an ola dheireanach á tabhairt dó. Tá baill den chléir timpeall air. Ó phictiúr le Sig. Lafroni ó Genoa. Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Bás Uí Chonaill

Ní raibh i ndán d’Ó Conaill ina bhlianta deireanacha ach díomá agus titim amach. Thráigh an tuile a bhí taobh thiar dá ghluaiseacht chun Acht an Aontais a aisghairm agus chuir grúpa níos radacaí sa ghluaiseacht, ‘Éire Óg’, i gcoinne a cheannaireachta. Ba é an buille ba thubaistí an léirscrios a rinne an Gorta Mór. Sa bhliain 1847, agus na milliúin dá mhuintir i mbaol an ocrais agus an bháis, d’impigh Ó Conaill cabhair ar Theach na dTeachtaí i Londain. Faraor géar, bhí a shláinte ag teip faoin tráth sin agus ba ar éigean a bhí a ghuth le clos nuair a labhair sé, an guth céanna a chiúnaigh cruinnithe agus tionóil ollmhóra, tráth dá raibh.

Bhí cos amháin san uaigh ag Ó Conaill agus é go mór in ísle brí nuair a thug sé faoi oilithreacht chun na Róimhe. Bhí i gceist aige beannú an Phápa, Pius IX, a fháil. Bhí a mhac Dónall, a shéiplíneach, an Dr Oirmhinneach Miley, agus searbhónta dá chuid, John Duggan, ina theannta. Níor éirigh le hÓ Conaill ceann scríbe a bhaint amach. Cailleadh é in Genoa ar an 15 Bealtaine 1847. Adhlacadh a chroí sa Róimh ach tugadh a chorp abhaile go hÉirinn. Bhí sochraid millteach aige i mBaile Átha Cliath ar an 4 Lúnasa, tráth ar sheas na mílte móra ar thaobh na sráide in ómós dá gceannaire cloíte.

Is féidir earraí ó shaol Dhónaill Uí Chonaill a fheiceáil sa taispeántas san oifig.