Turas an Tí

Derrynane Ground Floor Plan
Derrynane First Floor Plan

Halla Iontrála

Tógadh teach Uí Chonaill i nDoire Fhíonáin ar dtús sa bhliain 1702. Chuir Dónall Mór, seanathair Dhónaill Uí Chonaill, a thuilleadh leis go dtí go raibh sé ina theach feirme trí stór faoi lár an 18ú haois. Bhí sé ar cheann de na tithe ba mhó sa cheantar nuair a tháinig sé chuig Dónall Ó Conaill le huacht nuair a cailleadh a uncail, Muiris “Hunting Cap” Ó Conaill sa bhliain 1825. Ní raibh an seanteach oiriúnach do chlann Uí Chonaill agus don stádas a bhain leis féin mar dhlíodóir rathúil agus mar fhear a bhí ag teacht chun cinn sa pholaitíocht, áfach. Chuir sé sciatháin nua leis an teach ar an taobh ó dheas agus an taobh thoir agus bhí parlús nua, leabharlann, seomra staidéir agus seomra bia iontu siúd. D’athraigh sé bealach isteach an tí chomh maith, sa tslí is go raibh an radharc iontach ar Bhá Dhoire Fhíonáin ar a aghaidh amach anois. D’fhág an leagan amach nua go raibh an seanteach fágtha ina sciathán thuaidh ar an teach nua agus is ansin a bhí na seomraí codlata, na cistiní agus seomraí oibre eile an tí. Leagadh an sciathán sin den teach i lár an 20ú haois. “Kate [O’Connell’s daughter] told me she gave you in her letter a full description of this house. Between us both, love, you must be quite well acquainted with the improvements that have been made in it during the last nine months. It is indeed truly a most comfortable and convenient house.” Litir ó Mháire Uí Chonaill go dtí Dónall Ó Conaill, 15 Lúnasa, 1827.

Seomra Staidéir

Thugadh Ó Conaill cuairt ar Dhoire Fhíonáin mar éalú ó bhrú na polaitíochta, ach fós féin chaitheadh sé cúpla uair an chloig sa ló ag obair sa seomra staidéir seo. Cé gur áit iargúlta í Doire Fhíonáin d’fhaigheadh sé litreacha, nuachtáin agus foil- seacháin eile sa phost agus ní raibh sé ar aon eas- pa eolais ar a bhí ag titim amach sa pholaitíocht. Ón seomra seo bhí sé ábalta a chuid feachtas uile a threorú: Fuascailt na gCaitliceach, cealú na sc- lábhaíochta agus aisghairm Acht an Aontais ina measc. Scaip cáil Dhoire Fhíonáin ar fud an domh- ain dá bharr.

Bhí Ó Conaill ina abhcóide rathúil díograiseach sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht ar bhonn lánaimseartha. Mhaoirsigh sé a chuid eastát i gCi- arraí chomh maith agus is minic a tháinig muintir na háite chuige ar thóir cabhrach agus comhairle, go háirithe le linn aimsir an Drochshaoil agus in am an ghátair. Rinne Ó Conaill iarracht a eastáit féin a fheabhsú agus baile Chathair Saidhbhín a fhorbairt ach, in ainneoin sin is uile, ní raibh i ndán d’fhormhór muintir na háite ach an bhochtaineacht.

“Then came three or four hours of close confinement to his study, while he wrote, or dictated to secretary or clerk, answers to letters public or private, frameworks of bills on different subjects, and Addresses to the Repealers.”
Recollections and Experiences During a Parliamentary Career From 1833 to 1848, le John O’Connell Esq. M.P. (1849).

An Seomra Bia

Ní dhearna Ó Conaill dearmad go deo ar shean- traidisiún na féile i measc na nGael agus é ina cheann ar shliocht ársa Uí Chonaill. Bhí fáilte roimh chách i nDoire Fhíonáin, ba chuma do luí polaitiúil nó do chreideamh. Thug Ó Conaill cuireadh dá chuid céilí comhraic i réimse na polaitíochta, fiú amháin, cuairt a thabhairt air ann. Mheall a cháil idirnáisiúnta cuairteoirí measúla as gach cearn den domhan. Tá cur síos ó chuairteoir amháin ar shuí síos chun dinnéir le triúr chuairteoir eile is tríocha, iad siúd ag triail ar Dhoire Fhíonáin ó Éirinn, Sasana, an Albain, an Fhrainc, an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe. Óstach flaithiúil tuisceanach ba ea Ó Conaill. Bhí sé an-bhródúil as áilleacht a cheantair agus thaitin sé go mór leis í a thaispeáint do chuairteoirí. Thugtaí cuairteoirí ag fiach giorriacha sna sléibhte agus ag seoltóireacht thart ar an mbá. Thathantaigh sé orthu an tírdhreach álainn a fheiceáil agus cuairt a thabhairt ar láithreacha ársa an cheantair, Cathair na Stéige agus na fothracha eaglasta i gCill Chrócháin, ar an Scairbh agus ar na Scealga ina measc. Thagadh na cuairteoirí le chéile arís thart ar an mbord bia um thráthnóna agus bhíodh a sáith bia, comhrá agus siamsaíochta ansin acu. “… I saw with wonder a company of fifteen to twenty people sitting at a long table, at wine and dessert. A tall, handsome man of kindly appearance came towards me, excused himself that he had not expected me at so late an hour… This was the great O’Connell.” Letter ón bPrionsa Pückler-Muskau go dtí a bhean chéile, 29 Meán Fómhair, 1828.

An Séipéal

Thóg Dónall Ó Conaill an séipéal seo mar bhuíochas dá theacht slán ó Phríosún Richmond sa bhliain 1844. B’fhéidir go bhfuil an dearadh simplí bunaithe ar fhothrach Thigh Mór Dhoire Fhíonáin, atá in aice láimhe. Bhí séipéal roimhe sin i seanteach Uí Chonaill i nDoire Fhíonáin. Sa bhliain 1838 thug an Pápa Greagóir XVI logha d’aon duine a ghuigh ansin agus bronnadh an cead ar Ó Conaill altóir inaistrithe a bheith aige féin mar phribhléid speisialta.

Tar éis blianta fada a chaitheamh in amhras faoi chúrsaí creidimh ghlac Ó Conaill an Caitliceachas go hiomlán chuige féin arís thart ar an mbliain 1816, toisc tionchar a mhná go príomha. Comhartha é tógáil an tséipéil de cé chomh tábhachtach agus a d’éirigh an creideamh ina shaol. Léiriú é chomh maith ar fheiceálacht níos mó na dteampall Chaitlicigh sa phobal sna blianta tar éis Fhuascailt na gCaitliceach. Ach, cé go raibh Ó Conaill ina sheaimpín ar son na hEaglaise, d’fhág a thacaíocht do shaoirse reiligiúin agus a thuairimí maidir leis an deighilt idir an Eaglais agus an Stát nach raibh sé ar aon intinn i gcónaí le dearcadh coimeádach na pápachta ag an am.

“At nine every morning, the bell at Derrynane rings for Mass. From all parts of the house troop members of the family; visitors, and servants, to chapel; and for one hour the whole place is still as a tomb. At ten breakfast is served, and then commence the ordinary affairs or amusements of the day. Such is O’Connell at Derrynane!”
Visit to O’Connell at Derrynane in the Autumn of 1845 le William Howitt (1846).

An Séipéal. Ros Kavanagh.

An Teach Cóiste

I 1992, tógadh an teach cóiste sa chlós thoir ionas go mbeadh spás taispeána ann don charbad inar thaisteal an Conallach trí Bhaile Átha Cliath i ndiaidh a scaoilte saor ó phríosún i 1844. Síoda corcra costasach agus éadaí olla gorma a chumhdaigh i dtosach é, agus chuir múnlaí ónite barr maise air. Ar an ardán uachtarach, bhí dhá chathaoir uilleach ann a bhí snoite go mion ealaíonta agus cumhdaithe le héadach i dtiúin leis an gcarbad féin. Le comhoibriú Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí bhíothas in ann bunriocht álainn an charbaid a athchóiriú.

An Parlús

Bhí an-ghean ag Ó Conaill ar a chuid leanaí agus ar a gharchlann. Bhí beirt mhuirir déag air féin agus a bhean Máire, agus mhair seachtar acu siúd thar aois linbh. Thug cuairteoirí ar Dhoire Fhíonáin suntas don spriorad sona gealgháireach a bhí sa teach agus muintir Uí Chonaill ag fanacht ann. Bhaintí úsáid as an bparlús mar sheomra rince agus mar láthair le haghaidh coirmeacha ceoil chomh maith. Ní raibh cluas don cheol ag Ó Conaill féin ach thaitin Séiseanna an Mhóraigh leis agus bhí píobaire fostaithe go buan sa teach aige.Thiontódh an chlann an parlús ina amharclann ó huair go chéile agus chuiridís drámaí ar bun dá gcuid cuairteoirí.

Ba bhreá le hÓ Conaill bheith i gcroílár a mhuintire féin i nDoire Fhíonáin. Chaith sé a chuid ama ann ag fiach, ag tionlacan a chuid cuairteoirí, ag faire ar imeachtaí spóirt agus ag baint sult as an tírdhreach álainn. Bhraith Máire Uí Chonaill Doire Fhíonáin iargúlta agus uaigneach i rith an gheimhridh, áfach. B’fhearr léi bheith i mBaile Átha Cliath ag an tráth sin den bhliain le go mbeadh an deis ag a cuid iníonacha neamhphósta páirt a ghlacadh sa séasúr sóisialta agus casadh ar ógfhir oiriúnacha.

“A few morning after my arrival at Darrynane, a dark rainy day, we had a small ‘monster meeting’ in the drawing-room, the majority being noisy children, and among the most playful and merriest was our host himself.”
Excursions in Ireland during 1844 and 1850 with a visit to the late Daniel O’Connell M.P. le Catherine M. O’Connell (1852).

An Leabharlann

Ní raibh aon easpa oideachais ná léinn ar mhuintir Uí Chonaill, iad tógtha le cultúr na nGael agus na hEorpa araon ón gcliabhán. File iomráiteach ba ea seanmháthair Dhónaill Uí Chonaill, Máire ní Dhu- ibh, agus chum aintín leis, Eibhlín Dhubh Ní Chonaill, ceann de na dánta is tábhachtaí sa Ghaeilge – Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Bhí muintir Uí Chonaill suas chun dáta leis an dul chun cinn cultúrtha ar Mhór-Roinn na hEorpa chomh maith, a bhuíochas sin leis an líonra leathan de ghaolta a bhí acu in airm na Fraince agus na hOstaire.

Bhí luí ag Ó Conaill le leabhair ar chúrsaí staire, polaitíochta, fealsúnachta agus eacnamaíochta mar aon leis na húrscéalta cáiliúla le Charles Dickens agus Walter Scott. Bhí staidéar déanta aige ar an Laidin agus ar an nGréigis agus bhí sé líofa sa Ghaeilge agus sa Fhraincis. Bhí sé i bhfábhar oideachais do mhná agus ba scoláire agus file í a iníon féin Ellen FitzSimon. Tá cuid dá leabhair siúd le fáil anois sa Leabharlann i nDoire Fhíonáin, saothair le Mme de Sévigné, Ariosto, Schiller, Moliére agus Cervantes ina measc.

“The tables are covered with the latest publications, and numerous good prints and caricatures. Near this room is the library, full of well-chosen books.”
Rambles in the South of Ireland During the Year 1838 leis an mBantiarna Chatterton (1839).