An Pháirc

Cé nach raibh Doire Fhíonáin ar cheann d’eastáit mhóra Chiarraí riamh, thug cúpla glúin de mhuintir Uí Chonaill an-aire d’fhorbairt na dtailte thart ar an teach. Leagadh plandálacha agus siúlóidí gairdín san 18ú agus sa 19ú haois, ó thuaidh agus siar ón teach den chuid is mó. Tá an-bhaint ag cuid de ghnéithe na diméine le Dónall Ó Conaill, lena n-áirítear an sean-Teach Samhraidh, siar ó Theach Dhoire Fhíonáin, a d’úsáideadh sé mar áit chiúin staidéir agus chun scíth a ligeann ann.

Is féidir dul go dtí príomhlimistéar na ngairdíní, atá istigh ón gcósta agus ó thuaidh den teach, ach dul faoin mbóthar a chuireann go mór lena dtarraingteacht.

Le blianta beaga anuas glanadh na cosáin agus an céimeanna a mbíodh plandaí ag fás orthu agus athchóiríodh na seansiúlóidí deasa. Tá na gairdíní i ngleann ina bhfuil foscadh, cé go mbíonn an ghaoth aniar aneas le brath ar an gcomharsanacht ina hiomláine, a chuireann bac ar fhás tor agus crann. Ar an láimh eile, bíonn an geimhreadh an-chineálta, mar sin, ach oiread leis an gairdíní clúiteacha eile i gCiarraí agus in iarthar Chorcaí ar nós Ros Deochan agus Oileán an Chuilinn, fásann toir agus crainn a gcuireann an sioc isteach orthu go flúirseach. Is mar gheall air sin a cuireadh plandaí ó Mheiriceá Theas anseo mar chuid den Bhailiúchán Náisiúnta Luibheolaíochta.

Droichead Dhoire Fhíonáin. REOG.
Léarscáil 1837 le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. OSI.

Tá formhór sheandiméin Dhoire Fhíonáin i bPáirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin anois, atá á bainistiú ag na hIonaid Náisiúnta Réadmhaoine Stairiúla de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá líne chladaigh ghainimh agus charraigeacha Pháirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin beagnach 1.5km ar fad. Soir ó dheas ón teach, tá trá fhada ann agus dumhcha gainimh taobh thiar de, atá lán le plandaí nádúrtha agus le hainmhithe. Tá Madar, Gas Caillí Giobach, Plúr an Phrionsa agus Falcaire Beag i measc na speiceas plandaí spéisiúil ann. Tá na dumhcha i mbaol a gcreimthe mar gheall ar an ngaoth agus ar dhochar ó stoirmeacha. Mar gheall air sin, cuireadh Muiríneach ar go leor de na dumhcha chun na limistéir loma ghainimh a dhéanamh níos seasmhaí agus tógadh cosaint farraige chun creimeadh mar gheall ar thaoide lán agus stoirmeacha a chosc.

Radharc ó Oileán na Mainistreach ar Dhoire Fhíonáin. REOG.

Bíonn feachtaí contúirteacha feadh na trá fada agus ní mholtar dul ag snámh ach ar an trá níos faide siar idir Oileán na Mainistreach agus an trá fhada, áit a bhfuil foscadh níos fearr ann. Bíonn garda tarrthála ar dualgas ag an trá seo le linn an tsamhraidh. Cuireann an mhuireasc agus na murlaigh soir ón teach chomh maith leis na réileáin thaoidmheara nó riasc goirt taobh thiar de na dumhcha foscadh agus beathú ar fáil do leor speicis lapairí agus éin uisce ghéim. Ina measc tá an Lóma Mór, an Spágaire Tonn, an Gainéad, an Seaga agus an Corr Réisc.

Níl Oileán na Mainistreach, atá beagnach daichead heicteár ar achar, ach cúpla méadar ón mórthír agus is féidir siúl chomh fada leis trasna an ghainimh, seachas nuair atá an taoide lán. Ón gcosán garbh thart ar an oileán, tá radhairc bhreá ar na sléibhte, ar an gcósta agus ar an hoileáin amach ón gcósta, na Scealga ina measc. Ba cheart a bheith an-chúramach nuair atáthar ag siúl thart ar an oileán, áfach, toisc nach bhfuil aon bhallaí ná claíocha cosanta in aice leis na haillte ar an taobh dheas den oileán, agus nach bhfuil an cosán oiriúnach do pháistí beaga.

Is é an fraoch an príomhfhásra ar an oileán, cé go bhfuil roinnt féaraigh gar do Mhainistir Achaidh Mhóir. Tá na pobail phlandaí seo oiriúnach don ghaoth láidir sáile a shéideann aniar aneas. Tá Lile Fhíonáin (Simethis planifolia) ar fáil ar na fraochmhánna. Ní fhásann an planda seo ach i dtrí áit in Éirinn, Oileán na Mainistreach ina measc, agus dá bharr sin níor cheart é a phiocadh ná a bhaint riamh. Lasmuigh d’Éirinn, faightear é ar chósta thiar na hEorpa agus in iarthar na Meánmhara. Fásann toir ísle aitil ar an bhfraochmhá freisin agus is féidir iad a fheiceáil ar na carraigeacha agus ar na cinn tíre díreach os cionn na líne bharr láin.

I want the calm and quiet of my loved native hills – the bracing air purified as it comes over the world of waters, the cheerful exercise, the majestic scenery of these awful mountains… Oh! These are the scenes to revive all forces of natural strength – to give new energy to the human mind and raise the thoughts above the grovelling strife of individual interests. Do not tear me from this spot until I have enjoyed some of its renovating effects.

– Daniel O’Connell

Lile Fhíonáin le Donal Stack

Foghlaim níos mó faoi chraobh ghinealaigh mhuintir Uí Chonaill agus féach ar phortráidí de chuid den chlann.