Bailiúchán

Tá bailiúchán earraí a bhaineann le saol Dhónaill Uí Chonaill le fáil i dTeach Dhoire Fhíonáin.

Cuirtear roinnt buaicphointí i láthair anseo. Is féidir féachaint ar an mbailiúchán iomlán ach cuairt a thabhairt ar an teach. Tá cóipcheart ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar na híomhánna ar fad.

Carbad Caithréime

Bhronn saoránaigh Bhaile Átha Cliath an carbad nó carr caithréime seo ar Dhónall Ó Conaill i mí Lúnasa 1844. Aithris ar charbaid chaithréime na Sean-Róimhe a d’iompair laochra buacacha i mórshiúlta caithréime a bhí sa smaoineamh. Tógadh an carbad don turas céiliúrtha a rinne Ó Conaill tríd an gcathair tar éis dó teacht saor as Príosún Richmond níos luaithe sa bhliain. Trí bliana ina dhiaidh sin bhí an carbad folamh céanna ag ceann na sochraide nuair a tugadh corp Uí Chonaill le hadhlacadh i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Bhí droch-chaoi cheart ar an gcarbad faoin mbliain 1991. Cé go raibh athchóiriú déanta uirthi sa bhliain 1929 mar chuid den chomóradh céad bliain d’Fhuascailt na gCaitliceach, bhí na fabraicí agus na pictiúir bhunaidh go léir agus go leor de na múnlálacha ar iarraidh. D’éirigh leis an Músaem Náisiúnta, i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí, pé fianaise ina leith atá fós linn a úsáid chun í a thabhairt ar ais go dtí a seanriocht le cur ar taispeáint anseo i nDoire Fhíonáin.

Epergne nó gréagán airgid

Gréagán ar bhord proinne ba ea an epergne seo. Choimeádtaí torthaí, coinnle nó bláthanna i lár an bhoird ann. Bronnadh ar Ó Conaill é sa bhliain 1833 ó ‘the working classes resident in London, natives of Great Britain and Ireland and of the European and American continents as a token of their esteem and admiration for his splendid and successful exertion in the cause of civil and religious liberty’.

Cupán airgid a bhronn Carthanas Dílleachta Naomh Bríde ar Dhónall Ó Conaill, 1831

Tá an méid seo scríofa ar an gcupán seo: A Token of Gratitude from the Committee of the St. Bridget’s Orphan Charity, or Lyons School. To their President Daniel O’Connell Esq. MP, January 1831.

Freastal airgid a bhronn Bord na gCaitliceach

Vótáil Bord na gCaitliceach i mí na Nollag 1813 go mbronnfaidís soithí airgid de luach míle gine ar Ó Conaill. Theastaigh uathu a dtacaíocht dó a léiriú tar éis an chosaint chonspóideach a rinne sé ar an úinéir nuachtáin John Magee agus é siúd ar a thriail as Fear Ionaid an Rí a chlúmhilleadh. D’úsáid Ó Conaill an triail mar dheis le tabhairt faoi riail na Breataine in Éirinn.

Deirtear gurb é seo clog carráiste Dhónaill Uí Chonaill féin. James McCabe ón Royal Exchange i Londain a rinne.

Bhronn Caitlicigh Loch Garman an tráidire airgid seo ar Ó Conaill sa bhliain 1826, ag ceann de na tréimhsí ba dheacra ina shaol oibre. Theip air Acht Fuascailte na gCaitliceach a chur trí Pharlaimint díreach roimhe sin, fiú gur ghéill sé roinnt rudaí conspóideacha ar son Chaitlicigh na hÉireann. Comhartha dearfach go raibh tacaíocht láidir go fóill aige i measc an phobail ba ea bronnadh an tráidire seo.

Silver Plate Derrynane House OPW

Cathaoir Stáit agus Stól Coise Dhónaill Uí Chonaill

Bronnadh an cathaoir stáit agus an stól coise seo ar Ó Conaill i mí Lúnasa 1844 agus é ina phríosúnach i bPríosún Richmond, ar ócáid a 61ú lá breithe. Patrick Beakey, déantóir troscán ar Sráid Stafford i mBaile Átha Cliath a rinne. Ceardaí darb ainm Gaussen a rinne an snoí agus rinne a dheirfiúr siúd an obair taipéise. Rinneadh an chathaoir agus an stól den chrann darach céanna. Tá ceann carria ó shuaitheantas mhuintir Uí Chonaill agus mana na clainne, ‘Ciall agus Neart’, le feiceáil sa snoíodóireacht. Tá siombail a luaitear le hÉirinn le feiceáil chomh maith; seamróga, cúnna faoil, cloigthithe agus cruit orthu siúd. Tá samhail ar an ráille tosaigh de chaipín nó coróin Éireannach, cosúil leis an gcaipín a bronnadh ar Ó Conaill ag an tOllchruinniú ar Mhullach Maistean, Co. Chill Dara sa bhliain 1843.

Bord Loo

Ar an 4ú Meán Fómhair 1844, agus Ó Conaill ina phríosúnach i bPríosún Richmond, bhronn Lucht Reipéil Bharda Halla an Línéadaigh an bord seo air. Sheas Ó Conaill ar son an bharda ar Chomhairle Bhaile Átha Cliath. Cruthaíodh a leithéid seo boird ar dtús chun cluiche cártaí áirithe ar a dtugtaí ‘loo’ a imirt. Is féidir an dromchla ciorclach a ardú ar inse chun an bord a stóráil. Peter Beakey a rinne an chathaoir stáit agus an stól coise chomh maith a rinne é. Gearradh na cosa as píosa amháin darach agus tá an barr déanta d’adhmad gallchnó le caoi darach. Tá siombail choitianta Éireannacha snoite san adhmad; cúnna faoil, seamróga agus cruiteanna ina measc. Tá an colún láir bunaithe ar chlogtheach Éireannach.

Leaba bháis Dhónaill Uí Chonaill

Cailleadh Dónall Ó Conaill sa leaba seo in Óstán Feder in Genoa ag tríocha seacht nóiméad tar éis a naoi ar an 15 Bealtaine 1847. Is go dian a shaothraigh sé an bás sna laethanta deireanacha sin ach, dar lena shéiplíneach, an Dr. Urramach Miley, bhásaigh Ó Conaill “as an infant sinks upon his mother’s breast to sleep”. Bhí roinnt de chliar áitiúil Genoa timpeall a leaba ach b’iad an Dr. Miley, a shearbhónta dílis, John Duggan, agus a mhac, Dónall, a d’aithin Ó Conaill ar an dé deiridh.

Aistríodh an leaba go dtí Coláiste Pontaifiúil na nGael sa Róimh ó theach mhuintir Bolgarelli in Alfaro, gar de Genoa sa bhliain 1926. Sna 1990idí luaithe d’fhág Coláiste na nGael an leaba faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí le cur ar taispeáint i nDoire Fhíonáin.

Bronnta ag Coláiste Pontaifiúil na nGael, An Róimh.

Féach níos mó íomhánna d’earraí sa teach ar an Turas ar Líne.

Tá go leor samplaí tábhachtacha d’ealaín, de dhealbhóireacht, de throscán agus de mhaisiúchán istigh i dTeach Dhoire Fhíonáin.