Taispeántais

Tá taispeántais faoi shaol Dhónaill Uí Chonaill sa Leabharlann agus san Oifig faoi láthair.
Cuirtear buaicphointí an taispeántais san Oifig i láthair anseo; tabhair cuairt ar an teach chun na hearraí eile ar fad atá sa taispeántas iomlán a fheiceáil.

Saol Dhónaill Uí Chonaill: Taispeántas ina Oifig

Úsáid na saigheada ar chlé agus ar dheis chun cuid de bhuaicphointí an taispeántais a fheiceáil.

Múchtóir Coinnle

Tá idir sheanchas agus amhráin thraidisiúnta go leor ag déanamh gaisce de chlisteacht Uí Chonaill. Déanann scéal amháin cur síos ar conas a thug cailín aimsire rabhadh dó as Gaeilge go raibh nimh curtha ina fhíon ag dinnéar i Londain. Tá 144 leagan den scéal seo ar taifead. Sa leagan atá luaite leis an múchtóir coinnle seo dhoirt Ó Conaill an fíon nimhneach leis an múchtóir agus é ag ligean air go raibh sé ag iarraidh coinneal a mhúchadh.

Sais an Chláir

Bhí Ó Conaill ábalta dul go Westminster agus ceart na gCaitliceach le suí sa pharlaimint a éileamh tar éis dó féin suíochán a bhuachan i dtoghchán Cho. an Chláir sa bhliain 1828. Bhronn a thoghthóirí an sais seo air i gcomóradh a bhua.

Mórbhonn 1831

Mórbhonn ag comóradh an Chéad Bhille Leasúcháin, 1831. Thacaigh Ó Conaill le Príomh-Aire na Breataine, an tIarla Grey, nuair a thug sé isteach Bille Leasúcháin chun an córas toghcháin a fheabhsú agus chun a chinntiú go mbeadh ionadaíocht níos cothroime sa Pharlaimint.

Mórbhonn 1832

Mórbhonn ag comóradh Olltoghchán 1832. Déanann an mórbhonn seo comóradh ar thoghadh Dhónaill Uí Chonaill agus iomaitheoir eile ar son an Reipéil, Edward Ruthven, mar Theachtaí Parlaiminte ar son Bhaile Átha Cliath ar an 17ú Nollaigh 1832.

Lián

Lián a úsáideadh chun an chéad chloch de leacht Ruthven a leagadh, 14ú Eanáir 1839. Leag Ó Conaill an chéad chloch de leacht cuimhneacháin i Reilig Ghlas Naíon d’Edward Ruthven. Toghadh Ruthven mar Theachta Parlaiminte ar son an Reipéil do Bhaile Átha Cliath in éineacht le hÓ Conaill. Chuir a gcuid naimhde polaitiúla go láidir in aghaidh a n-atoghadh beirt in 1835 agus bhí baint ag strus na conspóide sin le bás obann Ruthven an bhliain dar gcionn.

Claíomh Feistis

Ar mhaithe le maisiúchán níos mó ná aon rud eile a chaithfí an claíomh seo. Chaitheadh Ó Conaill é ar ócáidí searmanais.

Bástcóta

Cuid é seo de bhástcóta a cheaptar ba le Dónall Ó Conaill tráth. Is cosúil ó thomhais agus ó dhéanamh an bhástcóta gur ina ógfhear dó a mbíodh sé á chaitheamh aige. Choimeád muintir McCan ó Theach Bhaile Eoghain i dTiobraid Árann, a bhí gaolta le muintir Uí Chonaill, mar chuimhneacháin air é.

An tUas Frank McCan, Teach Bhaile Eoghain, Caiseal, Co. Thiobraid Árann a dheonaigh.

Seans go mbeadh spéis agat in earraí ón mbailiúchán buan a fheiceáil.