Turas ar Líne

Níl dada chomh maith le cuairt a thabhairt ar réadmhaoin stairiúil tú féin, na déantúsáin a fheiceáil duit féin, labhairt le duine d’ár dtreoraithe eolgaiseacha agus cupán breá caife a bheith agat ina dhiaidh sin sa chaifé. Chun blaiseadh a thabhairt duit den mhéid atá romhat ar do chuairt, ba bhreá linn dá mbainfeá triail as an turas fíorúil atá ar fáil thíos.

Turas an Tí

Tá neart rudaí a bhaineann le saol agus le saothar ‘an Fhuascailteora’ i dTeach Dhoire Fhíonáin, ach is ann freisin a chónaigh muintir Uí Chonaill. Cuireann an turas seo an spás i láthair mar a bhíodh sé in úsáid sa naoú haois déag, agus tá cuntas gairid a thug cuairteoir ag an am faoin áit le gach seomra.

Kate [O’Connell’s daughter] told me she gave you in her letter a full description of this house. Between us both, love, you must be quite well acquainted with the improvements that have been made in it during the last nine months. It is indeed truly a most comfortable and convenient house.

– Litir ó Máire Uí Chonaill chuig Dónall Ó Conaill, an 15 Lúnasa 1827.

Turas an Fhearainn

Tá 120 heicteár i bPáirc Náisiúnta Dhoire Fhíonáin, lena n-áirítear na dumhcha, an cósta agus an t-oileán in aice leis. Tá an ceantar an-saibhir ó thaobh oidhreacht ghairneoireachta agus seandálaíochta de. Bíonn spéis faoi leith ag cuairteoirí ar an bPáirc sa bhaois Ghotach ar a dtugtar ‘an Teach Samhraidh’. Tá clostreoir faoin nádúr cois cladaigh ar fáil lena híoslódáil anseo.

I want the calm and quiet of my loved native hills – the bracing air purified as it comes over the world of waters, the cheerful exercise, the majestic scenery of these awful mountains… Oh! These are the scenes to revive all forces of natural strength – to give new energy to the human mind and raise the thoughts above the grovelling strife of individual interests. Do not tear me from this spot until I have enjoyed some of its renovating effects.

– Dónall Ó Conaill

Tá níos mó íomhánna den teach agus den fhearann, san am atá inniu ann agus san am atá thart araon, le fáil sa Ghailearaí.