Turas an Fhearainn

Tá formhór sheandiméin Dhoire Fhíonáin i bPáirc Náisiúnta Dhoire Fhíonáin anois, atá 120 heicteár ar achar. Bíonn an geimhreadh cineálta, agus bíonn toir agus crainn a gcuireann an sioc isteach orthu in ann fás go flúirseach dá bharr. Tá bailiúchán plandaí thar a bheith suntasach sna gairdíní, agus cuireadh plandaí ó Mheiriceá Theas atá i mbaol ann mar chuid den Bhailiúchán Náisiúnta Luibheolaíochta. Tá líne chladaigh na Páirce Náisiúnta Stairiúla beagnach 1.5km ar fad. Tá an-tábhacht éiceolaíochta ag baint leis na dumhcha agus leis an gceantar cois cósta agus cuimsítear iad in dhá ainmniúchán Natura ag a bhfuil suntas idirnáisiúnta – Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta an Ribhéir agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta Leithinis Uíbh Ráthaigh. Tá speicis neamhchoitianta ainmnithe agus plandaí sna dumhcha, lena n-áirítear an Cnádán agus Lile Fhíonáin, chomh maith le speicis dhúchasacha magairlíní. Tá go leor suíomhanna seandálaíochta ar fud an cheantair máguaird, agus tá lia oghaim, lios beag, uaimh thalún, carraig an Aifrinn, agus fothracha Mhainistir Achaidh Mhóir ar Oileán na Mainistreach (ón deichiú haois) sa pháirc. Iarrtar ort meas a léiriú ar chuairteoirí eile, ar ghnáthóga fiadhúlra, agus ar na háiseanna.

Léarscáil le Donal Stack

Íoslódáil

Treoir Oileán na Mainistreach

Íoslódáil

Treoir Dhoire Fhíonáin

Teach Dhoire Fhíonáin

Tógadh an chéad teach anseo sa bhliain 1702. Caoga bliain níos déanaí, cuireadh leis agus rinneadh teach feirme trí stór as, a bhí ar cheann de na tithe ba mhó sa cheantar. Sna 1820idí, cuireadh na sciatháin theas agus thoir leis, agus athraíodh an bealach isteach ionas go mbeadh sé ar aghaidh an chuain. I ndiaidh na hoibre sin, b’ionann an seanteach agus an sciathán thuaidh – leagadh an foirgneamh sin go talamh sna 1960idí.

Teach Dhoire Fhíonáin. Ros Kavanagh.

An Teach Samhraidh

Teach samhraidh é an túr spéisiúil seo, a thóg Dónall Ó Conaill i stíl ailtireachta na hAthbheochana Gotaí i ndiaidh dó Teach Dhoire Fhíonáin a fháil le huacht in 1825. D’úsáideadh sé é mar áit chiúin machnaimh agus staidéir. Tá macasamhail den teach samhraidh, ar a dtugtar Teach na Sióg, in aice láimhe.

An Teach Samhraidh Gotach. Teach Dhoire Fhíonáin. OOP.

An Caiseal

Tá go leor gnéithe réamhstairiúla ar fud Leithinis Uíbh Ráthaigh. Tá an caiseal laistigh de dhiméin Dhoire Fhíonáin, siar ón bpríomhtheach. Lios beag é. Cruth ciorclach atá ar an mballa singil atá 18 méadar ar trastomhas. Tá bealach isteach ar an taobh ó dheas de. Caiseal sách beag é, agus is dócha go mbíodh daoine ina gcónaí ann sa chúigiú nó sa séú haois.

An Lia Oghaim

Ní bhíodh an lia oghaim seo san áit seo i gcónaí. Fuarthas cúpla bliain ó shin é ina luí ar na réileáin thaoidmheara taobh thiar de na dumhcha in aice láimhe. Tá drochbhail ar an inscríbhinn, ach is féidir cuid de na litreacha a léamh. Is féidir ‘AM LLATIGNI MAQ M … N … RC M … Q … CI’ a léamh go soiléir. Cuireadh an lia seo i gcomparáid le liaga eile sa réigiún, agus rinneadh aistriúchán réasúnta air dá bharr, is é sin ‘ainm Llatign mac Minierc sliochtach Q…C’.

Oileán na Mainistreach

Is féidir siúl chomh fada le hOileán na Mainistreach, atá díreach os cionn tríocha heicteár ar méid, trasna an ghainimh, seachas nuair atá an taoide lán. Tá radhairc bhreá ón oileán ar na sléibhte, ar an gcósta agus ar na hoileáin amach ón gcósta, na Scealga ina measc. I measc na ngnáthóg fiadhúlra tábhachtach ann tá aillte cósta, fraoch, portach, féarach agus lomáin Sean-Ghaineamhchloiche Rua. Ar chúiseanna éiceolaíochta, tá eallach ar féarach ar Oileán na Mainistreach ó thús na 1990idí; cuireadh Ba Chiarraí air ar dtús agus ba áitiúla níos deireanaí. Is beag áit seachas Oileán na Mainistreach ar aimsíodh Lile Fhíonáin (Simethis planifolia), speiceas neamhchoitianta planda, in Éirinn. Tá cosaint dlí ag Lile Fhíonáin faoin Ordú Flóra (Cosaint) (1999).

Radharc ó Oileán na Mainistreach ar Dhoire Fhíonáin. REOG.

Mainistir Achaidh Mhóir

Téann fothracha Mhainistir Achaidh Mhóir siar go dtí an deichiú haois ach creidtear gur bhunaigh Naomh Fionán Cam lonnaíocht mhainistreach anseo cúpla céad bliain roimhe sin. Bhí tionchar ag ailtireacht Mhainistir Achaidh Mhóir ar an séipéal a thóg Dónall Ó Conaill i dTeach Dhoire Fhíonáin in 1844.

Baineadh leas as an reilig ar Oileán na Mainistreach mar reilig eastát Uí Chonaill ar feadh trí chéad bliain ar a laghad agus is ann a cuireadh bean chéile Dhónaill Uí Chonaill, Máire, a uncail Muiris a’ Chaipín, agus a sheantuismitheoirí.

Mainistir Achaidh Mhóir i nDoire Fhíonáin. REOG.