An Teach

 

Bhí muintir Uí Chonaill lonnaithe in iardheisceart Chiarraí le sinsearacht, mar a raibh siad ina gconstáblaí oidhreachta ar Chaisleán Bhaile Uí Chairbre, 3km thiar ó Chathair Saidhbín. I ndiaidh gur tréigeadh agus gur scriosadh an caisleán sna 1650í, chuir Dónall Mac Seathrúin Ó Conaill faoi gar don Choireán. Ba é a mhac, an Captaen Seán Ó Conaill, a thóg teach dhá stór ag Doire Fhíonáin.

Reáchtáil Dónall Mór, mac Sheán Uí Chonaill, gnó mór trádála ar muir idir Ciarraí agus an Fhrainc. Níorbh i gcuid de sin i ndáiríre ach smuigléireacht. Ní fios cé acu ar chuir Dónall Mór síneadh leis an teach bunaidh nó, murar chuir, ar thóg sé teach feirme trí stór sa stíl Sheoirseach ina ionad, arbh é an chéad teach ceann slinne é sa chuid sin de Chiarraí.

Máire Uí Chonaill agus a mac, Dónall le John Gubbins (fl 1820idí). OOP.

Thóg Dónall Mór agus a bhean Máire clann mhór ag Doire Fhíonáin. Ina gclann mhac orthu bhí Muiris a’ Chaipín, Morgan (athair Dhónall Uí Chonaill) agus an Cunta Dónall Ó Conaill a bhí ina Ghinearál in arm na Fraince. Tháinig Muiris a Chaipín in oidhreacht ar Dhoire Fhíonáin i 1770 agus lean sé den ghnó trádála a bhí ag Dónall Mór.

Rugadh Dónall Ó Conaill ar 6 Lúnasa 1775, an mac ba shine den deichniúr clainne a bhí ar Mhorgan Ó Conaill agus a bhean Caitríona as Teach Cárthann, Cathair Saidhbhín. Bhí Doire Fhíonáin ina bhaile ag Dónall ó luathbhlianta a óige áfach de bharr gur thóg a uncail, Muiris a’ Chaipín, é féin agus a dheartháir óg Muiris ar altramas. Tháinig Dónall in oidhreacht ar Dhoire Fhíonáin le bás a uncail i 1825, agus chuir sé an sciathán theas leis chomh maith le sciathán na leabharlainne a bhfuil cíor lámhaigh air. Chuir sé séipéal leis an teach ar ball d’fhonn buíochas a ghabháil as a bheith scoilte saor ó phríosún i 1844. Múnlaíodh é ar an séipéal scriosta mainistreach atá ar Oileán na Mainistreach.

 

Tar éis don Chonallach bás a fháil, d’fhan an teach i seilbh mhuintir Uí Chonaill go dtí 1948, tráth ar bunaíodh Iontaobhas Dhoire Fhíonáin ar mhaithe leis an teach a chaomhnú mar mhúsaem agus mar láthair chuimhneacháin dó. I 1964, aistríodh úinéireacht ar an teach chuig Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí. Dhírigh an obair athchóirithe isteach ar na codanna den teach a tógadh le linn úinéireacht Dhónall Uí Chonaill, obair ar cuireadh críoch léi i 1967. Leagadh cuid mhaith eile den teach chun a structúr a dhéanamh slán.

Rinne muintir Uí Chonaill agus Iontaobhas Dhoire Fhíonáin an troscán bunaidh agus earraí cuimhneacháin an Chonallaigh a thíolacadh don stát. Daoine aonair agus eagraíochtaí príobháideacha a bhronn earraí eile. Ba iad Stiúrthóirí Bhanc Ríoga na hAlban a bhronn a bhráidealbh chré-umha agus a thug claíomh an Chonallaigh ar iasacht. Ar na hearraí eile a bronnadh tá pianó a thug an Conallach do Shiúracha na Toirbhearta i gCathair Saidhbhínn agus leaba a bháis féin a bhí i seilbh Choláiste na nGael sa Róimh ó 1926.

Teach Dhoire Fhíonáin, 1846. OOP.

Is féidir léamh faoi oidhreacht na páirce agus na ngairdíní freisin.