An Teaghlach

Scrollaigh síos an leathanach seo chun portráidí a fheiceáil agus beathaisnéisí gairide a léamh faoi chuid de na daoine a bhain le Teach Dhoire Fhíonáin. Tá go leor de na portráidí sin le feiceáil sa Seomra Bia agus sa Pharlús. Féach ar chraobh ghinealaigh mhuintir Uí Chonaill ar an suíomh gréasáin The Peerage.

An Cunta Dónall Ó Conaill le Jean Baptiste Paulin Guerín (1783–1855)

Ola ar chanbhás, gd

Ba é an Cunta Ó Conaill (1745–1833) uncail Dhónaill Uí Chonaill ar thaobh a athar. Bhí sé sa Bhriogáid Éireannach in arm na Fraince áit ar bhain sé amach céim leifteanantghinearáil . Rinneadh cunta de chuid na Fraince de sa bhliain 1783 agus tá an ribín agus réalta de Cheannasaí in Ord St. Louis á gcaitheamh aige sa phortráid seo. D’fhág sé an Fhrainc i ndiaidh na Réabhlóide agus rinneadh Coirnéal in Arm na Breataine dó.

Dónall Ó Conaill le John Gubbins (fl 1820idí)

Ola ar chanbhás, c.1817–8

Taispeánann an phortráid seo Dónall Ó Conaill (1775–1847) agus achainí ag lorg ‘saoirse coinsiasa’ do Chaitlicigh ina lámh aige. I measc ainmneacha na bpríomhphearsaí a bhí ag tacú le fuascailt na gCaitliceach bhí Daniel Murray, Uachtarán Choláiste Mhaigh Nuad (Ardeaspag Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin), William Coppinger, Easpag Caitliceach Chluana agus Rosa agus Iarlaí Fhine Gall agus Neidín. Bhronn ‘Déantúsóirí Shaoirse Chathair Bhaile Átha Cliath’ an cupán airgid atá ar an mbord air sa bhliain 1814, agus tá sé sin ar taispeáint sa leabharlann.

Máire Uí Chonaill agus a mac, Dónall le John Gubbins (fl 1820idí)

Ola ar chanbhás, c.1817

Saolaíodh bean chéile Dhónaill Uí Chonaill, Máire (1778–1836), i dTrá Lí. Ba í iníon den Dr Tomás Ó Conaill. Cé gur chol ceathar scaipthe dó a bhí inti ní raibh uncail Dhónaill, Muiris ‘an Chaipín’, tógtha léi toisc a heaspa spré. Phósadar faoi rún sa bhliain 1802.

Taispeántar Máire sa phortráid agus a mac Dónall óg (1816–97) ina baclainn aici. Ba é an leanbh b’óige dá cuid a mhair. Bhí sé i gceannas ar ghrúdlann ar feadh na mblianta sular toghadh é ina Theachta Parlaiminte do Dhún Dealgan (1847–8), Cathair Phort Láirge (1846–7) agus Trá Lí (1853–63). Bhog sé go Londain chun post mar Choimisinéir Cáin Ioncaim a thógáil in 1863. Phós sé Ellen Mary Foster sa bhliain 1866.

Morgan Ó Conaill

Ola ar chanbhás, c.1820

Cé gur péinteáladh an phortráid seo ag an am céanna leis na portráidí eile de chlann Uí Chonaill, d’fhéadfadh gur ealaíontóir eile a rinne an ceann seo. Taispeántar Morgan Ó Conaill (1804– 85) i gcathéide an Léigiúin Éireannaigh. Bhunaigh John Devereux ó Loch Garman an Léigiún chun cabhrú le Simón Bolivar ina throid in aghaidh tiarnas na Spáinne i Meiriceá Theas. Theip go tubaistach orthu nuair a thug siad aghaidh ar Mheiriceá Theas in 1820-1 agus ina dhiaidh sin chuaigh Morgan le hArm na hOstaire. Bhí sé ina oifigeach sa Mharcshlua Éadrom a bhí lonnaithe san Ungáir. D’fhill sé ar Éirinn agus chaith sé tréimhse mar Theachta Parlaiminte don Mhí (1832–40). Sa bhliain 1840 ghlac sé le post rialtais mar Chláraitheoir na nGníomhas Cúnta agus phós sé Kate Balfe.

Muiris Ó Conaill le John Gubbins (fl 1820idí)

Ola ar chanbhás, c.1820

Ba é Muiris Ó Conaill (1803–53) an mac ba shine ag Dónall agus Máire. Cháiligh sé mar abhcóide ach b’annamh a chleacht sé an dlí. Bhí sé ina Theachta Parlaiminte do Cho. an Chláir (1831–2) agus do Thrá Lí (1832– 7, 1838–53). Phós sé Mary Frances Scott sa bhliain 1832 agus tháinig eastát Dhoire Fhíonáin le huacht chuige nuair a cailleadh a athair.

Caitríona ‘Kate’ Ní Chonaill le John Gubbins (fl 1820idí)

Ola ar chanbhás, 1818

Rinne Máire Uí Chonaill cur síos ar an bpictiúr seo mar ‘a most excellent likeness’ dá hiníon Caitríona (1807–91). Thugadh a hathair ‘Saucy Kate’ uirthi toisc í a bheith chomh deisbhéalach sin. Phós sí Charles O’Connell sa bhliain 1832. Gaol scaipthe ba ea é agus bhí sé ina Theachta Parlaiminte do Chiarraí (1832–4).

Éilís ‘Betsey’ Ní Chonaill agus Seán Ó Conaill le John Gubbins (fl 1820idí)

Ola ar chanbhás, 1818

Saolaíodh Betsey (1810–93) agus Seán (1810–58) sa bhliain chéanna, i mí Feabhra agus mí na Nollag faoi seach. Phós Betsey Nicholas Ffrench, tiarna talún Caitliceach ó Ros Comáin, sa bhliain 1831.

As mic uile Dhónaill Uí Chonaill ba é Seán ba mhó a d’imigh le polaitíocht. Bhí páirt lárnach aige sa Chumann Reipéil. Bhí sé ina Theachta Parlaiminte d’Eochaill (1832–7), do Bhaile Átha Luain (1837–41), do Chathair Chill Chainnigh (1841–7), do Chathair Luimnigh (1847–51) agus do Chluain Meala (1853–7). Bhí dóchas ann ag pointe amháin go mbeadh sé ina oidhre polaitiúil ar a athair ach thug sé droim don pholaitíocht sa bhliain 1857 nuair a ghlac sé le post mar Chléireach na Corónach agus an Chiseáin. Fuair sé bás an bhliain dar gcionn.

Eibhlín Ní Chonaill le John Gubbins (fl 1820idí)

Ola ar chanbhás, c.1818

Tá léiriú ar spéis Eibhlín Ní Chonaill sa litríocht agus sa cheol le fáil ina portráid siúd ina bhfuil cruit le feiceáil mar aon le cóip de laoi Thomas Moore, ‘Lalla Rookh’ agus ceann dá shéiseanna chomh maith, ‘The Harp that once Through Tara’s Halls’. Sa bhliain 1825 phós Eibhlín Christopher Fitzsimon, duine de chomhghuaillithe móra a hathair.

Eibhlín Fitzsimon Ní Chonaill le Edward Hayes RHA (1797-1864)

Uiscedhath le gouache, c.1850/60idí

Tá an iníon ba shine a bhí ag Dónall Ó Conaill, Eibhlín (1805–83), le feiceáil anseo agus í meánaosta. Bhí a fear céile, Christopher Fitzsimon ar cheann de chomhghuaillithe móra a hathar. Bhí oideachas maith uirthi, labhair sí roinnt teangacha agus thaitin saol an léinn léi. Sa bhliain 1863 d’fhoilsigh sí leabhar filíochta dar teideal Darrynane in Eighteen Hundred and Thirty-Two and Other Poems.

Christopher Fitzsimon le Edward Hayes RHA (1797-1864)

Uiscedhath le gouache, c.1850idí/60idí

Tá an phortráid seo mar cheann de phéire leis an bportráid d’Ellen Fitzsimon, bean chéile Christopher. Tiarna talún agus abhcóide ba ea Christopher Fitzsimon (1793–1856), ó Theach Ghleann Cuilinn i gCo. Chill Mhantáin. Dlúthchara agus mac cleamhnais do Dhónall Ó Conaill a bhí ann. Bhí sé ina Theachta Parlaiminte do Bhaile Átha Cliath ó 1832–37 agus bhí sé ina Chléireach na Corónach agus an Chiseáin idir 1837–56.

Christopher O’Connell Fitzsimon (ealaíontóir anaithnid) 

Sceitse peann luaidhe, 1847

Ba é Christopher O’Connell Fitzsimon (1830–80) an mac ba shine a mhair ag Eibhlín agus Christopher Fitzsimon. Ba gharmhac do Dhónall Ó Conaill é dá réir. Cháiligh sé mar abhcóide agus chaith sé tréimhse mar Ghiúistís Síochána agus Ard-Sirriam ar Chontae Bhaile Átha Cliath.

Christopher Fitzsimon a dheonaigh.

Eily Bianconi Hayes née Fitzsimon (ealaíontóir anaithnid)

Uiscedhath, 1862

Ba í Eily Fitzsimon (1838–1919) iníon d’Eibhlín agus Christopher Fitzsimon agus gariníon do Dhónall Ó Conaill. Phós sí Charles Bianconi, mac d’fhiontraí cáiliúil an 19ú haois den ainm céanna, sa bhliain 1859. Níor mhair an pósadh rófhada mar cailleadh Charles Bianconi óg i Holyhead cúig bliana ina dhiaidh sin. Phós Eily arís sa bhliain 1867; le Patrick Hayes, gaol den chéad fhear céile a bhí aici.

Is féidir beathaisnéis iomlán Dhónaill Uí Chonaill, an Fuascailteoir, a léamh freisin.

Foghlaim Tuilleadh